← Faigheann siad amach sa deireadh gurbh é Manannán Mac Lir, Dia na farraige de chuid Tuaithe Dé Danainn, an té a tháinig i gcabhair ar na Fianna. 🔊
← "Cé thú féin de fhuil uaisle nó anuaisle an domhain?" 🔊
← "Cé acu de na trí nithe sin ba fhearr leat a fheiceáil?" 🔊
← Nuair a d'fhill siad ar Bhinn Éadair bhailigh iomlán na bhFéinne thart ar Bhodach an Chóta Lachtna le hiontas agus dúirt Caol an Iarainn nach náireodh sé é féin ag coimhlint lena leithéid de bhodach smeartha. 🔊
← "Déan do chomhairle fhéin," arsa an Bodach agus d'imigh sé leis isteach sa choill agus d'ardaigh sé scata de mhuca fiáine. 🔊
← Chóirigh sé an fheoil agus chuir sé ar an tine ar bhior í. Chuaigh sé go teach Inse Coinn ansin agus sciob sé leis dhá bhairille fíona agus a raibh de arán san áit. 🔊